Riail 170 – Seirbheáil fógraí
Gach fógra is gá de réir an Achta nó na Rialacha seo a thabhairt do dhuine ar bith, féadfar é a chur leis an bpost i litir réamhíoctha nó trí chumarsáid leictreonach chuig seoladh leictreonach, mura n-ordóidh an tÚdarás é a chur le litir chláraithe nó seirbheáil phearsanta a dhéanamh.