Riail 17 – Iarratas ar chéadchlárú nuair is seilbh is bun leis
I gcás gur seilbh is bun d’iarratas chun úinéireacht maoine a chlárú, nó mura bhfuil ina sheilbh nó ina seilbh ná faoina urlámhas nó faoina hurlámhas ag an iarratasóir aon doiciméid teidil i ndáil leis an maoin sin, agus gur deimhin leis an Údarás de thoradh fiosrúcháin nó ar dhóigh eile go bhfuil an t-iarratasóir i seilbh, nó ag fáil, chíosanna agus bhrabúis na maoine, féadfar an t-iarratas a dhéanamh i bhFoirm 5, fara cibé modhnuithe is gá sa chás.