Riail 169 – Foirm na bhfógraí a eiseofar

image_printLeathanach Priontála

(1) Gach fógra a eiseofar nó a chuirfear amach ón gClárlann (ach amháin fógraí go bhfuarthas ionstraimí, iarratais, gur comhlánaíodh clárú, nó fógraí foirmiúla dá samhail sin), ceapfaidh sé tréimhse chun gníomh nó beart a dhéanamh a cheanglaítear a dhéanamh leis an bhfógra, agus luafar ann cad a tharlóidh mura gcomhlíontar é.

(2) Luafar freisin san fhógra cad é an dóigh, agus cad é an tréimhse, ina mbeidh aon fhreagra, agóid nó cumarsáid, más ann, de dhroim an fhógra, le cur isteach, agus an seoladh a mbeadh sin le seachadadh ann nó le cur chuige nó chuici.

(3) D’ainneoin fhorálacha Alt 106(1) den Acht, féadfaidh duine ar bith, más áil leis nó léi é, trí sheoladh a bheith aige nó aici, lena n-áirítear (más cuí leis nó léi é) seoladh a aturnae nó a haturnae, nó a ghnólachta aturnaetha nó a gnólachta aturnaetha san áireamh, a mbeidh gach fógra agus gach cumarsáid eile le seirbheáil ag gach seoladh díobh.