Riail 168 – Mionnscríbhinní agus dearbhuithe reachtúla in imeachtaí
(1) Féadfar mionnscríbhinn, nó dearbhú reachtúil, chun críche aon imeacht sa Chlárlann, a mhionnú nó a ghlacadh os comhair an Údaráis, aon chomhalta d’fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe go cuí aige agus ag an Aire, nó os comhair aon duine a bheidh údaraithe de réir dlí chun daoine a mhionnú nó i gcás dearbhú reachtúil, aon duine a bheidh údaraithe de réir dlí chun dearbhuithe reachtúla a ghlacadh.
(2) Is mar atá i bhFoirm 1 nó 10, de réir mar is gá sa chás, a bheidh an teideal ar mhionnscríbhinn le haghaidh úsáid in imeachtaí sa Chlárlann, agus beidh an mhionnscríbhinn i gcomhréir go ginearálta leis na forálacha maidir le foirm, jurat, idirlíniú, athrú agus scriosadh, atá i Rialacha na nUaschúirteanna i dtaobh mionnscríbhinní le haghaidh úsáid san Ard-Chúirt.