Riail 162 – Éifeacht taifid tosaíochta
(1) Má bhíonn taifead tosaíochta cláraithe ag duine atá le bheith ina cheannaitheoir nó ina ceannaitheoir, ina léasaí, nó ina mhuirearaí nó ina muirearaí, gheobhaidh iarratas uaidh nó uaithi go gclárófaí ionstraim chomhlánaithe an cheannaigh, an léasa nó an mhuirir an tosaíocht a shonraítear in Alt 108(2) den Acht, ar an gcoinníoll go bhfuil an t-iarratas in ord faoi na Rialacha seo agus go seachadfar í sa Chlárlann laistigh de thréimhse 44 lá tar éis dháta an taifid tosaíochta.
(2) Má fhaightear iarratas ar chlárú ó aon duine eile tar éis dháta an taifid agus sula ndéanfaidh an duine atá le bheith ina cheannaitheoir nó ina ceannaitheoir, ina léasaí, nó ina mhuirearaí nó ina muirearaí an t-iarratas ar chlárú de réir mhír (1) den riail seo, cuirfear an t-iarratas sin, chun críche thosaíocht a chláraithe, i ndiaidh iarratas an duine atá le bheith ina cheannaitheoir nó ina ceannaitheoir, ina léasaí, nó ina mhuirearaí nó ina muirearaí.