Riail 161 – Taifead tosaíochta

image_printLeathanach Priontála

(1) Duine a rinne conradh chun maoin chláraithe a cheannach nó a thógáil ar léas, nó chun iasacht airgid a thabhairt ar urrús muirir ar an maoin sin, féadfaidh sé nó sí a iarraidh ar an Údarás taifead a chur sa chlár de bhun Alt 108 den Acht.

(2) Is i bhFoirm 93 a dhéanfar iarratas faoin riail seo.

(3) Aon iarratas chun an Údaráis chun taifead tosaíochta a chlárú, féadfar é a dhéanamh trí mheán leictreonach más deimhin leis an Údarás go bhfuil socruithe cuí i bhfeidhm.

(4) Is i bhFoirm 94 nó ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás a bheidh seirbheáil an fhógra i dtaobh an iarratais sin.

(5) Is i bhFoirm 95 a bheidh an taifead.

(6) Féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh chun an taifead tosaíochta a chealú sula mbeidh an dáta éagtha caite. Féadfar an t-iarratas sin a dhéanamh ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás.