Riail 160 – Cuardach oifigiúil

image_printLeathanach Priontála

(1) Féadfaidh duine ar bith a iarraidh ar an Údarás cuardach oifigiúil a dhéanamh agus deimhniú a thabhairt-

(a) an bhfuil duine ainmnithe ar taifead san ainmthreoir do chontae agus, má tá, cad é fóilió-thagairt an chláir ina bhfuil ainm an duine sin;

(b) an bhfuil úinéireacht dáileachta talún, a thaispeántar ar cibé léarscáil a cheadóidh an tÚdarás, ar taifead i gclár na húinéireachta ar thalamh ruílse, nó an bhfuil úinéireacht aon leasa léasaigh, nó aon chirt sa dáileacht nó chuici nó thairsti, ar taifead i gclár na húinéireachta ar leasanna léasacha nó sa chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht;

(c) i dtaobh na dtaifead a cuireadh i gclár nó i léarscáil clárlainne ó céadchláraíodh an mhaoin, nó i rith aon tréimhse shonraithe ina dhiaidh sin.

(2) Is i bhFoirm 88, 89 nó 90 nó ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás, dé réir mar a bheidh, a fhoréileofar an cuardach.

(3) Is i bhFoirm 91 nó 92 nó ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás, de réir mar a bheidh, a bheidh an deimhniú ar thoradh an chuardaigh.