Riail 159 – Iniúchadh doiciméad a comhdaíodh agus cóipeanna díobh a fháil
(1) Féadfaidh úinéir cláraithe maoine agus aon duine arna údarú nó arna húdarú ag an úinéir sin nó le hordú ón gcúirt nó leis na Rialacha seo, ach ní fhéadfaidh duine ar bith eile, doiciméad a iniúchadh a comhdaíodh sa Chlárlann i gcás déileáil nó idirbheart le maoin an úinéara.
(2) Aon duine a bheadh i dteideal doiciméad maidir le maoin a iniúchadh, dá mba rud é nach mbeadh a húinéireacht cláraithe faoin Acht agus go mbeadh an doiciméad i seilbh an duine a bhí i dteideal a choimeádta de réir dlí, beidh sé nó sí i dteideal an doiciméad a iniúchadh má chomhdaítear sa Chlárlann é.
(3) Féadfaidh duine ar bith mionnscríbhinn breithiúnais a taisceadh sa Chlárlann de bhun an Judgement Mortgage Ireland Act, 1850, arna leasú leis an Acht, nó iarratas ar mhorgáiste breithiúnais a chlárú faoi Riail 110, a iniúchadh fad a bheidh fógra a thaiscthe nó an taifead ar an morgáiste breithiúnais gan cealú i gclár.
(4) Féadfaidh duine ar bith meabhrán maidir le lis pendens, banna, cúirtbhanna nó ionchoisne a comhdaíodh sa Chlárlann a iniúchadh fad a bheidh an taifead ina thaobh gan cealú i gclár.
(5) Aon iarratas, aontú, mionnscríbhinn nó aistriú a bheidh déanta ag ionadaí pearsanta úinéara éagtha maoine ar dílsíodh don ionadaí pearsanta í, féadfaidh réadtiomnaí nó duine eile, ach amháin creidiúnaí, a bhfuil leas aige nó aici sa mhaoin faoi uacht an úinéara, é a iniúchadh nó, má d’éag an t-úinéir ina dhíthiomnóir nó ina díthiomnóir, féadfaidh duine ar chineachaigh leas tairbhiúil sa mhaoin chuige nó chuici de chionn na díthiomnachta, nó féadfaidh duine a shásóidh an tÚdarás gurb é nó í an comharba i dteideal é nó í ar dhuine de na daoine sin, é a iniúchadh.
(6) Féadfaidh an duine a thaisc ionstraim a comhdaíodh sa Chlárlann faoi Riail 130(5) an ionstraim sin a iniúchadh, nó má chruthaíonn duine ar bith chun sástacht an Údaráis go bhfuil teidlíocht aige nó aici chun tairbhe aon chirt a bunaíodh leis an ionstraim féadfaidh sé nó sí í a iniúchadh.
(7) Aon duine a shásóidh an tÚdarás gurb é nó í úinéir maoine fothionóntáin neamhchláraithe nó gurb é nó í nó iad an duine nó na daoine atá i dteideal a bheith ina úinéir nó ina húinéir nó ina n-úinéirí ar mhaoin fothionóntáin neamhchláraithe é nó í nó iad, ar cláraíodh ceart thairsti mar cheart atá comhghabhálach le maoin príomhthionóntáin faoi Alt 49A den Acht, féadfaidh sé nó sí nó siad ionstraim a comhdaíodh sa Chlárlann faoi Riail 46 a iniúchadh, ar cibé cruthúnais a ordóidh an tÚdarás a thabhairt ar aird.
(8) Aon duine a bheidh i dteideal doiciméad a comhdaíodh sa Chlárlann a iniúchadh, féadfaidh sé nó sí cóip de a fháil.
(9) Féadfaidh an tÚdarás, in imthosca speisialta agus ar cibé téarmaí is cuí leis, cead a thabhairt do dhuine doiciméad a comhdaíodh sa Chlárlann a iniúchadh nó cóip de a fháil.
(10) Is i bhFoirm 96 a dhéanfar iarratas chun cóip a iniúchadh nó a fháil faoin riail seo.
(11) Sula ligfidh sé do dhuine a éileoidh cead iniúchta faoi Riail 159 aon doiciméad a iniúchadh, féadfaidh an tÚdarás cibé fiosrúcháin a dhéanamh agus cibé fógraí a thabhairt a mheasfaidh sé a bheith oiriúnach. Is i bhFoirm 97 a bheidh fógra faoin riail seo.