Riail 158 – An doiciméad a tharchuirfear a bheith faoi choimeád an Chláraitheora Contae
(1) Coinneoidh an Cláraitheoir Contae aon doiciméad a tharchuirfear chuige nó chuici faoin riail roimhe seo d’aonghnó lena thabhairt ar aird le linn éisteacht na cúise ná an ábhair dár foréilíodh é agus, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, ní cheadóidh sé do dhuine ar bith é a iniúchadh, ach amháin na daoine a údaraítear le Riail 159, go dtí go mbeidh sé glactha i bhfianaise ag an gcúirt.
(2) I gcás an doiciméad a tharchur ar iarratas ó aon duine seachas úinéir cláraithe na maoine is ábhar don doiciméad, beidh a thabhairt ar aird faoi réir rialú na cúirte ar aon agóid ón úinéir cláraithe i gcoinne a iniúchta nó a ghlactha i bhfianaise.