Riail 157 – Iarratas chun doiciméad a tharchur chuig Cláraitheoir Contae

image_printLeathanach Priontála

(1) Is i bhFoirm 82 a dhéanfar iarratas chun doiciméad a tharchur chuig Cláraitheoir Contae, agus taiscfear i ndúblach é. Más ag duine seachas úinéir cláraithe na maoine is ábhar don doiciméad a bheidh an t-iarratas á dhéanamh, tabharfar fógra don úinéir i dtaobh an iarratais agus i dtaobh tharchur an doiciméid.

(2) Tabharfar an doiciméad ar ais don Chlárlann nuair a chríochnóidh na suíonna cúirte inar taifeadadh le haghaidh éisteachta an chúis nó an t-ábhar dár foréilíodh é. Má chuirtear an éisteacht ar atráth, déanfar iarratas eile an doiciméad a tharchur chuig an gCláraitheoir Contae le haghaidh na héisteachta atrátha.