Riail 155 – Doiciméid a sheachadadh ar aturnae lena dtabhairt ar aird i gcúirt nó le haghaidh fómhais
Féadfaidh an tÚdarás ionstraim ag déileáil le maoin a sheachadadh ar aturnae úinéir cláraithe na maoine, ach amháin ionstraim muirir nó diúscairt ina leith, ar an aturnae á dheimhniú i scríbhinn gur gá í a thabhairt ar aird i gcúirt le linn éisteacht chúise nó ábhair éigin, nó os comhair Máistir Fómhais don Ard-Chúirt nó Cláraitheoir Contae le haghaidh fómhais, agus ar é nó í á ghealladh go pearsanta i scríbhinn go dtabharfaidh sé nó sí ar ais don Chlárlann í laistigh de thréimhse a shocróidh an tÚdarás.