Riail 153 – Seachadadh doiciméad a bhaineann le maoin neamhchláraithe
I gcás doiciméid sa Chlárlann nach mbaineann ach le maoin neamhchláraithe, féadfar, cheal iarratas ón duine a thaisc iad nó óna ionadaithe pearsanta nó óna hionadaithe pearsanta agus tar éis fógra a thabhairt dó nó di nó dóibh, iad a sheachadadh ar an duine is dóigh leis an Údarás atá i dteideal a gcoimeádta, ar iarratas a fháil uaidh nó uaithi.