Riail 152 – Doiciméid atá le coinneáil sa Chlárlann agus a fhéadfar a sheachadadh

image_printLeathanach Priontála

(1) Féadfar aon doiciméad acu seo a leanas a bhaineann le maoin chláraithe a thabhairt ar ais don duine a bheadh i dteideal iad a choimeád dá mbeadh an mhaoin gan chlárú, ar chóip fhianaithe de a sheachadadh sa Chlárlann nó ar an táille a íoc is inéilithe ar chóip dheimhnithe-

(a) ionstraim ag déileáil le maoin chláraithe agus neamhchláraithe;

(b) socraíocht atá ar marthain, ionstraim ina bhfuil iontaobhais atá ar marthain, ionstraim lena gceaptar iontaobhaithe i leith socraíocht atá ar marthain, nó i leith ionstraim ina bhfuil iontaobhais atá ar marthain;

(c) léas nó deontas feofheirme, nó contrapháirt léasa nó deontais feofheirme, atá ar marthain;
(d) gníomhas bunaidh muirir chun airleacain todhchaí a urrú.

(2) Déanfar an chóip fhianaithe nó dheimhnithe a chomhdú le haghaidh tagartha in ionad na hionstraime a seachadadh amhlaidh, agus i gcás déileálacha feasta féadfar í a ghlacadh mar leorfhianaise ar an doiciméad agus ar a bhfuil ann.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna Rialacha seo, coinneofar sa Chlárlann gach ionstraim eile faoina ndéanfar taifead sa chlár. Comhdófar iad sa chlárlann agus ní thógfar amach as an oifig sin iad ach amháin ar údarás I scríbhinn ón Údarás agus ar cibé téarmaí a shonróidh sé nó ar ordú ón gcúirt.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986 a chomhlíonadh, a ordú freisin go ndíothófar fóiliónna dúnta, nó aon doiciméid a comhdaíodh sa Chlárlann, nuair a bheidh a n-ionad gafa ag taifid sa chlár nó a bheidh siad imithe ó éifeacht, nó féadfaidh sé, má fheictear dó gur díol suime ó thaobh na staire na doiciméid sin, iad a chur chuig an gCartlann Náisiúnta lena gcomhdú.

(5) Féadfaidh an tÚdarás, ar chlárú a bheith comhlánaithe, a ordú go ndéanfar doiciméid chomhdaithe a scaoileadh chuig an úinéir cláraithe, chuig duine arna ainmniú nó arna hainmniú ag an úinéir cláraithe, nó chuig aturnae an úinéara chláraithe.