Riail 151 – Doiciméid faoi réir liain a thaisceadh

image_printLeathanach Priontála

(1) Aon duine a bheidh á éileamh go bhfuil lian i bhfoirm morgáiste cothromais aige nó aici ar dhoiciméad atá ina sheilbh nó ina seilbh, agus a gcuirfidh duine a bheidh ag iarraidh úinéireacht a chéadchlárú de cheangal air nó uirthi an doiciméad sin a thabhairt ar aird sa Chlárlann, nó a gceanglóidh an tÚdarás air nó uirthi cúis a shuíomh chun gan é a thabhairt ar aird, féadfaidh sé nó sí an doiciméad a thaisceadh sa Chlárlann faoi réir an liain.

(2) Aon duine a dhéanfaidh doiciméad a thaisceadh faoin riail seo, faoi réir lian a bhunófar trína thaisceadh, taiscfidh sé nó sí éileamh ar an lian i bhFoirm 81 arna shíniú aige nó aici féin nó ag a aturnae nó a haturnae.

(3) Áireofar i lian duine a thaiscfidh doiciméad faoin riail seo costais a thaiscthe.

(4) Ní dhéanfar aon chlárú a d’fhéadfadh an lian a shárú, nó dochar a dhéanamh dó, go dtí go sásófar an lian nó go ndéanfar soláthar dó i gcás ina n-admhaítear é nó, más rud é nach n-admhaítear é, go dtí go gcinnfear go bhfuil an lian ar marthain nó go bhfuil sé bailí agus, nuair a chinnfear, go sásófar é nó go ndéanfar soláthar dó.