Riail 150 – Ceapadh duine chun feidhmiú ar son duine mímheabhrach
Más rud é, i gcúrsa aon imeacht sa Chlárlann, ach amháin iarratas ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Alt 26(1) den Acht, chun ceannaitheoir a chlárú faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, gur dealraitheach gur duine mímheabhrach nár breithníodh ina dhuine mímheabhrach nó ina duine mímheabhrach ag ionchoisne aon duine leasmhar (nach duine é nó í ar ceapadh cúramaí nó caomhnóir ina leith faoin Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871 ná duine lagmheabhrach atá, go sealadach éagumasach ar a ghnóthaí nó a gnóthaí féin a rialú agus ar ceapadh caomhnóir air nó uirthi faoi Acht sin 1871), ní dhéanfar san imeacht aon chlárú a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do cheart an duine sin go dtí go mbeidh caomhnóir, arna cheapadh nó arna ceapadh chuige sin ag an gcúirt, ag feidhmiú ar a shon nó ar a son, nó go mbeidh a leas á chosaint ar dhóigh eile chun sástacht an Údaráis.