Riail 15 – Doiciméid is gá a chur le hiarratas chun úinéireacht maoine ruílse a chlárú
(1) Maidir le hiarratas chun úinéireacht maoine ruílse nach mbaineann Riail 19(3), 19(4), 20(1), 21 nó 22 leis a chlárú, ní foláir, mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt, na doiciméid seo a leanas a bheith ina theannta-
(a) ráiteas achomair i dtaobh an teidil a dtabharfar ann, in ord aimsire, achoimre ar na doiciméid agus ar na teagmhais agus na fíorais is bonn d’éileamh an iarratasóra chun na maoine á thosú le fréamh teidil agus ar cuid é d’Fhoirm 1;
(b) gach gníomhas bunaidh agus gach doiciméad i seilbh an iarratasóra, nó faoina urlámhas nó faoina hurlámhas, a bhaineann leis an teideal, lena n-áirítear tuairimí dlíthiúla, achomaireachtaí teidil, conarthaí agus coinníollacha díola, cuardaigh, foréilimh agus freagraí, agus doiciméid eile dá samhail, agus an fhianaise trí mhionnscríbhinn, dearbhú reachtúil, nó eile, lena gcruthaítear na fíorais a luaitear agus is gá a chruthú chun an teideal a shuíomh;
(c) léarscáil iarratais, mura dtugann an t-iarratas leoreolas ar dhóigh eile chun an mhaoin a aithint ar an léarscáil clárlainne;
(d) sceideal i ndúblach de na doiciméid go léir a thaisctear leis an iarratas.
(2) I gcás go mbeidh an t-iarratasóir, mar a údaraítear leis na Rialacha seo, ag seasamh ar thuairim dhlíthiúil mar thaca lena theideal nó lena teideal, ní gá an ráiteas teidil a cheanglaítear leis an riail seo a thaisceadh.
(3) Ní thabharfar fógra don Údarás faoi aon ní a nochtar in aon doiciméad a thaisctear ar a bhfuil dáta roimh dháta an doiciméid a aithnítear mar an doiciméad is fréamh don teideal.