Riail 149 – Ceapadh duine chun feidhmiú ar son mionaoisigh

image_printLeathanach Priontála

(1) I gcás gan aon duine a bheith údaraithe leis an riail roimhe seo chun feidhmiú ar son mionaoisigh, nó i gcás inar cheart duine éigin seachas an duine sin a cheapadh, féadfaidh an tÚdarás duine a cheapadh le feidhmiú ar son an mhionaoisigh chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta.

(2) Is i scríbhinn a dhéanfar an t-iarratas chun an Údaráis á iarraidh sin air, agus cuirfear ina theannta toiliú chun gníomhú ón duine a bheartaítear a cheapadh, agus mionnscríbhinn i dtaobh a inniúlachta nó a hinniúlachta.