Riail 144 – Taifead a chur sa chlár i gcás léas inathnuaite atá cláraithe a chomhshó
Má thugtar ar aird sa Chlárlann deontas suthaineachta i leith maoin neamhchláraithe a tugadh faoi fhorálacha aon achtacháin, seachas an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967, d’úinéir cláraithe leasa léasaigh, de chomhshó an léasa ina dheontas feofheirme nó ina dheontas suthaineachta, cuirfear nóta sa chlár go bhfuil an t-úinéir cláraithe ag éileamh an fheo shimplí faoin deontas; agus tabharfar gearrshonraí i dtaobh an deontais. Déanfar fógra faoi chlárú úinéireacht an leasa léasaigh, agus i dtaobh fhorálacha Alt 48 den Acht, a fhormhuiniú ar an deontas, agus athsheachadfar é ar an duine a thug ar aird é.