Riail 141 – Taifead i dtaobh teorainn a comhaontaíodh

image_printLeathanach Priontála

(1) I gcás iarratas ó úinéirí maoine atá tadhlach chun an teorainn idir a maoin, nó cuid di, a thaifeadadh sa chlár, taiscfear sa Chlárlann-

(a) plean arna tharraingt ar léarscáil iarratais a thaispeánann an talamh atá tadhlach leis an teorainn atá le sainiú agus a léiríonn suíomh na teorann faoi líne dhaite;

(b) toiliú i scríbhinn ó na húinéirí a thagraíonn don phlean agus ina luaitear, ar an modh a fhorordaítear le Riail 139, an teorainn aiceanta feadh na líne a thaispeántar ar an bplean, agus an chuid di a gcomhaontaíonn siad gurb í an teorainn í.

(2) Más úinéir ar thalamh neamhchláraithe é nó í úinéir atá ina pháirtí toilitheach nó ina páirtí toilitheach, tabharfar cruthúnas freisin gurb é nó í an t-úinéir é nó í, de réir bhrí Alt 89 den Acht, atá údaraithe leis an alt sin chun toiliú a thabhairt.