Riail 140 – Taifead i dtaobh teorainn a cinneadh le tíolacas an Bhreithimh Talún

image_printLeathanach Priontála

Ní dhéanfar teorainn a bheidh sainithe le haon ionstraim a shonraítear in Alt 86 den Acht a thaifeadadh sa chlár mar theorainn dhochloíte mura féidir na fíorais a bheireann gur féidir í a shainiú sa chlár de réir na rialach sin roimhe seo a fháil amach ón ionstraim, ná mura rud é go mbeidh fógra tugtha d’úinéirí na maoine atá tadhlach faoin taifead atá beartaithe agus nach bhfuarthas aon agóid ina choinne laistigh den tréimhse a ceapadh leis an bhfógra.