Riail 139 – Taifead i dtaobh teorainn mhaoine a bheith dochloíte

image_printLeathanach Priontála

Gach taifead a chuirfear sa chlár i dtaobh teorainn a bheith dochloíte, luafar ann teorainn aiceanta na maoine ar feadh líne shonraithe ar an léarscáil clárlainne nó aithneofar é le haon fhaisnéis gheografach nó suímh, agus an chuid di arb í líne chinnte na teorann í, mar shampla, gurb é éadan nó lár an fháil nó an bhalla, nó lár nó taobh sonraithe srutháin nó draenach, feadh na líne a thaispeántar ar an léarscáil, an teorainn agus gur teorainn dhochloíte í amhail idir na húinéirí tadhlacha, nó i gcoinne gach uile dhuine, de réir mar a bheidh