Riail 138 – Taifeadadh fógra i dtaobh díolúine ó ualaí áirithe faoi Alt 72(2) den Acht
Féadfar fógra faoi dhíolúine maoine sonraithe ó shean-choróinchíos, cíos cúiteach, cíosmhuirear deachún eaglaise, íocaíocht in ionad deachún nó cíosmhuirir dheachún, muirear feabhsaithe talún, muirear siltin nó blianacht talamh-cheannaigh, a thaifeadadh sa chlár ar dheimhniú a díolúine a bheith tugtha ag an Roinn Stáit ar a bhfuil sé de chúram na suimeanna a bhailiú is iníoctha ar an ualach sin.