Riail 137 – Taifeadadh fógra i dtaobh ualaí áirithe a dhéanann difear do mhaoin gan iad a bheith cláraithe

image_printLeathanach Priontála

(1) Tabharfar fógra faoi aon ualach a shonraítear in Alt 72(1) den Acht a bheith ar marthain trí thaifead a chur sa chlár go bhfuil an mhaoin a shonraítear faoi réir an ualaigh.

(2) Mura mbaineann an t-ualach leis an maoin go léir a thuairiscítear i bhfóilió den chlár, cuirfear in éineacht leis an toiliú, nó leis an ordú á údarú fógra ina thaobh a thaifeadadh, léarscáil iarratais a thaispeánfaidh an chuid den mhaoin atá faoi réir an ualaigh, mura féidir í a leoraithint ar dhóigh eile ar an léarscáil clárlainne.

(3) Is é a bheidh sa nóta a cheanglaítear le hAlt 59 den Acht ná taifead á chur in iúl go bhfuil an mhaoin faoi réir na bhforálacha den achtachán a chuireann srian leis an gcoimhthiú, leis an sannadh, leis an bhforoinnt nó leis an bhfoligean, cibé acu é.