Riail 135 – An nós imeachta i gcás déileáil faoi thoirmeasc a thaisceadh gan fógra do dhaoine sonraithe

image_printLeathanach Priontála

(1) Má thaifeadtar sa chlár toirmeasc ag srianadh déileálacha ach amháin tar éis fógra a thabhairt do dhuine sonraithe, beidh an fógra a thabharfar don duine sin, i gcás déileáil de réir téarmaí an toirmisc a thíolacadh lena clárú, san fhoirm chéanna le fógra foláirimh a fhorordaítear lena sheirbheáil ar rabhdóir, arna modhnú mar a mheasfaidh an tÚdarás is gá.

(2) Féadfaidh an duine a shonraítear sa toirmeasc, nó a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta, nó duine eile a bheidh i dteideal thairbhe an toirmisc, láithriú i leith an fhógra foláirimh agus bac ar an gclárú a iarraidh; agus is é an nós imeachta a fhorordaítear i gcás iarratas dá shamhail ó rabhdóir is inleanta. Beidh na cumhachtaí céanna ag an Údarás a bheadh aige i gcás iarratas dá shamhail ó rabhdóir.