Riail 134 – Iarratas in oirchill ar dhéileáil atá faoi thoirmeasc gan ordú nó formheas ón Údarás

image_printLeathanach Priontála

(1) Féadfar iarratas a dhéanamh chun an Údaráis in oirchill ar dhéileáil atá beartaithe le maoin atá faoi réir toirmeasc sa chlár i gcoinne diúscairtí ach amháin faoi ordú nó le formheas ón Údarás, ag iarraidh ordachán i scríbhinn go bhféadfaí clárú a dhéanamh faoin déileáil atá beartaithe; agus féadfaidh an tÚdarás a ordú go bhféadfar clárú faoin déileáil, má chuirtear i gcrích í, a dhéanamh gan choinníoll nó faoi réir cibé toirmeasc a ordóidh sé.

(2) Féadfaidh ordachán an Údaráis tréimhse a shonrú chun clárú a dhéanamh faoin déileáil a údaraítear.