Riail 133 – Toirmeasc cláraithe a mhodhnú nó a urscaoileadh

image_printLeathanach Priontála

(1) Is i bhFoirm 79 nó 80 a dhéanfar iarratas toirmeasc a mhodhnú nó a urscaoileadh a taifeadadh sa chlár ar dhóigh seachas de bhun ordú cúirte.

(2) I gcás an t-iarratas a dhéanamh gan toiliú na ndaoine go léir ar dealraitheach ón gclár agus ón ionstraim a ndearnadh an taifead ar a scór go bhfuil teidlíocht acu chun tairbhe an toirmisc, nó gan toiliú aturnaetha na ndaoine sin, cuirfear isteach ina theannta fianaise i dtaobh na bhfíoras ar dá mbun a éilítear gur cheart an taifead a mhodhnú, nó fianaise gur scaoileadh nó gur sásaíodh an ceart a chosnaítear leis an taifead nó go bhfuil scortha aige ar
dhóigh eile de bheith ar marthain.

(3) Tabharfar fógra i dtaobh an iarratais, mura lena dtoiliú a dhéantar é, do na daoine ar dealraitheach ón gclár, nó ón ionstraim ar ar a scór a taifeadadh an toirmeasc, go bhfuil teidlíocht acu chun tairbhe an toirmisc, agus féadfaidh siad agóid a dhéanamh ina choinne laistigh den tréimhse a luafar san fhógra. Is i scríbhinn a dhéanfar gach agóid agus luafar a forais.

(4) Féadfaidh an tÚdarás cibé rialú is cóir leis a thabhairt i leith an iarratais. Féadfaidh sé go háirithe a ordú an toirmeasc a urscaoileadh, nó féadfaidh sé é a choimeád i bhfeidhm ar feadh tréimhse éiginnte nó go ceann tréimhse shonraithe nó le cibé modhnuithe a ordóidh sé.