Riail 132 – An nós imeachta i gcás agóid i gcoinne toirmisc
(1) Aon duine a gcuirfear fógra chuige nó chuici i dtaobh iarratas ar thoirmeasc, féadfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse a luafar, iarratas a chur chun an Údaráis, ag déanamh agóid in aghaidh an toirmeasc atá beartaithe a thaifeadadh nó á iarraidh go modhnófaí a théarmaí nó go gcuirfí teorainn lena ré feidhme. Ní foláir dó nó di forais na hagóide nó na hiarrata a lua.
(2) Féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis é, lá agus am a cheapadh chun na páirtithe a fhreastal os a chomhair le haon cheist a chinneadh a bhaineann le téarmaí nó ré feidhme an toirmisc atá le taifeadadh.
(3) Féadfaidh an tÚdarás aon mhodhnú is fóirsteanach leis a dhéanamh ar an toirmeasc atá beartaithe, ag féachaint d’aon fhíorais bhreise a nochtfaidh na páirtithe, agus féadfaidh sé an toirmeasc arna athrú amhlaidh a thaifeadadh sa chlár.