Riail 131 – An nós imeachta i gcás iarratas ar thoirmeasc
(1) Féadfaidh an tÚdarás diúltú toirmeasc a iarrtar a thaifeadadh mura modhnaítear é mar a ordóidh sé.
(2) Más deimhin leis an Údarás, de thoradh na bhfíoras a nochtar in iarratas nó in aon doiciméad a thabharfar ar aird mar thaca leis, go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal an chirt nó an leasa a éilítear, cuirfidh sé fógra faoin iarratas agus faoin toirmeasc atá beartaithe—
(a) chuig úinéir cláraithe na maoine, má tá an ceart nó an leas inchurtha i bhfeidhm ina choinne nó ina coinne;
(b) chuig an duine nó na daoine is cosúil atá i dteideal an t-eastát nó an leas sa mhaoin a bhfuil an ceart ar marthain ina choinne a dhiúscairt, más eol an t-úinéir cláraithe a bheith marbh, nó más mionaoiseach é nó í, nó má tá éagumas meabhrach air nó uirthi, nó murab eol cá háit a bhfuil sé nó sí, nó má tá an t-eastát nó an leas lena mbaineann an ceart i socraíocht faoinar cláraíodh úinéir teoranta.
(3) Féadfaidh an tÚdarás fógra a thabhairt freisin d’aon duine ar cosúil ón gclár baint a bheith ag an gceart nó ag an leas leis nó léi.
(4) Is i bhFoirm 78 a bheidh an fógra.