Riail 130 – Iarratas ar thoirmeasc i gcás nach dtoilítear
(1) Féadfar iarratas chun an Údaráis go dtaifeadfaí toirmeasc, seachas toirmeasc a údaraítear a thaifeadadh ar an toiliú a fhorordaítear le Riail 129, a dhéanamh i bhFoirm 76. Féach Riail 49 maidir le toirmeasc i ndáil le talamh neamhchláraithe.
(2) Más é an toirmeasc a iarrtar srian a chur le clárú diúscairtí ag úinéir cláraithe, luafar san iarratas na fíoras a thaispeánann go bhfuil ceart nó leas neamhchláraithe ag an iarratasóir sa mhaoin agus é inchurtha i bhfeidhm I gcoinne an úinéara chláraithe.
(3) Má iarrtar sa toirmeasc sin srian a chur le húdarú diúscairtí ag-
(a) ionadaí pearsanta úinéara chláraithe maoine;
(b) an oidhre, an réadtiomnaí nó an duine eile a mbeadh teideal aige nó aici ar bhás lán-úinéara;
(c) úinéir eastáit nó leasa i maoin is ábhar do shocraíocht faoina gcláraítear úinéir teoranta; nó
(d) aon duine a éilíonn go bhfuil ceart aige nó aici in ualach cláraithe, nó chuige, nach bhfuil a úinéireacht cláraithe;
luafar san iarratas na fíorais a thaispeánann go bhfuil ceart nó leas neamhchláraithe ag an iarratasóir sa mhaoin agus é inchurtha i bhfeidhm i gcoinne an duine sin.
(4) Cuirfear i dteannta an iarratais an ionstraim (más ann) a bhunaigh an ceart nó an leas neamhchláraithe, nó cibé fianaise eile ina thaobh sin is leor leis an Údarás nó, mura de bhun ionstraime a tháinig an ceart nó an leas, mionnscríbhinn nó fianaise eile i gcruthúnas ar na fíorais ba bhun leis.
(5) Féadfar, má iarrann an t-iarratasóir é, ionstraim a bhunaigh ceart nó leas neamhchláraithe a chomhdú sa Chlárlann lena slánchoimeád.