Riail 128 – Foirm toirmisc

image_printLeathanach Priontála

(1) Féadfaidh toirmeasc chun ceart nó leas neamhchláraithe a chosaint a bheith i dtéarmaí ceann de na clásail i bhFoirm 77, a fhéadfar a mhodhnú nó a oiriúnú mar is gá chun srian a chur le clárú déileálacha a sháródh an ceart nó an leas a éilítear nó a chuirfeadh siar é nó a dhéanfadh dochar dó.

(2) Féadfaidh an tÚdarás diúltú toirmeasc a thaifeadadh i gclár mura n-insíonn sé go soiléir agus go follas cad é an srianadh atá le déanamh.