Riail 126 – Rabhadh a tharraingt siar nó toiliú rabhdóra le déileáil

image_printLeathanach Priontála

(1) Féadfar rabhadh a tharraingt siar tráth ar bith, i gcoinne na maoine go léir nó i gcás aon chuid den mhaoin lena mbaineann sé. Féadfaidh an t-iarratas chun é a tharraingt siar a bheith i bhFoirm 75, agus is gá síniú an rabhdóra nó a aturnae nó a haturnae nó síniú ionadaí pearsanta an rabhdóra nó a aturnae nó a haturnae a bheith leis; agus, más i gcoinne cuid den mhaoin dá ndéanann an rabhadh difear atá an rabhadh le tarraingt siar, ní mór an chuid lena mbaineann an tarraingt siar a shainiú trí thagairt do phlean, más gá sin.

(2) Féadfaidh rabhdóir nó a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta, i scríbhinn arna síniú aige féin nó aici féin nó ag a aturnae nó ag a haturnae, toiliú le clárú faoi dhéileáil shonraithe. Féadfar an toiliú a thabhairt go hiomlán, nó ar choinníoll go gcoimeádfar an rabhadh i bhfeidhm nó go dtaifeadfar toirmeasc sonraithe sa chlár.