Riail 124 – Iarratas ó úinéir cláraithe chun rabhadh a urscaoileadh
Luafar in iarratas ó úinéir cláraithe chun rabhadh a urscaoileadh forais a iarratais nó a hiarratais, mar shampla, nach ann don cheart ar taifeadadh an rabhadh chun a chosanta, nó nach ann dó a thuilleadh, agus luafar ann na forais a líomhnaítear mar thaca leis.