Riail 121 – Éasúint nó profit à prendre
(1) I dteannta gach iarratais chun éasúint nó profit à prendre a chlárú mar ualach cuirfear léarscáil iarratais a thaispeánfaidh an chuid den mhaoin a thuairiscítear sa chlár agus a bhfuil an ceart le feidhmiú thairsti, mura rud é gur féidir í a aithint go soiléir ar dhóigh eile sa léarscáil clárlainne ón tuairisc san ionstraim a bhunaigh an ceart. Más iarratas é chun ceart bealaigh a chlárú, féadfar an deontas a dhéanamh i bhFoirm 67, fara cibé modhnuithe is gá sa chás.
(2) Cuirfear i dteannta an iarratais freisin léarscáil iarratais a thaispeánfaidh an mhaoin a bhfuil an ceart a dheonaítear comhghabhálach léi (ach amháin más profit à prendre é i gcomhlán), mura rud é gur féidir í a aithint ar an léarscáil clárlainne trí thagairt don fhóilió den chlár a bhfuil a húinéireacht cláraithe ann.
(3) Mura mbeidh an léarscáil formhuinithe ar an ionstraim lena mbunaítear an ceart, agus tagairt dó inti, ní foláir í a bheith sínithe ag úinéir cláraithe na maoine a bhfuil an ceart le clárú uirthi mar ualach agus ag deontaí an chirt nó ag a aturnae/a haturnae.
(4) Beidh feidhm ag forálacha Riail 29 maidir le léarscáil den sórt sin i gcás gur cuí sin.