Riail 120 – Cúirtbhannaí, bannaí agus breithiúnais
(1) Déanfar iarratas chun cúirtbhanna nó ábhar eile dá dtagraítear in alt 117 (2)(a) den Acht a chlárú mar ualach tríd an meabhrán a fhorordaítear le hAlt 11 den Judgments (Ireland) Act, 1844, a thaisceadh sa Chlárlann, mar aon le fianaise gurb é nó gurb í an duine a n-iarrtar difear a dhéanamh dá eastát nó dá heastát nó dá leas an t-úinéir cláraithe nó, i gcás talamh shocraithe, gur duine eile é nó í le heastát nó leas sa mhaoin faoin tsocraíocht a bhfuil clárú á iarraidh ina choinne nó ina coinne. Ní foláir an meabhrán a bheith sínithe ag an iarratasóir nó ag a aturnae nó a haturnae, agus deimhniú a bheith ina bhun go bhfuil an cúirtbhanna nó an t-ábhar eile ar marthain, arna shíniú ag oifigeach cuí na cúirte ina bhfuarthas é nó ag duine cuí-údaraithe eile.
(2) Is i bhFoirm 66 a thaifeadfar cúirtbhanna sa chlár. Is i bhfoirm dá samhail, arna hathrú mar is gá sa chás agus mar a cheadóidh an tÚdarás, a dhéanfar na hábhair eile dá dtagraítear san alt sin 117(2)(a) den Acht a thaifeadadh sa chlár.
(3) Is trí dheimhniú díchurtha a thaisceadh sa Chlárlann a dhéanfar iarratas chun cúirtbhanna nó banna Stáit a urscaoileadh.
(4) Is trí dheimhniú gur sásaíodh an breithiúnas a thaisceadh sa Chlárlann a dhéanfar iarratas chun breithiúnas a urscaoileadh.