Riail 12 – Iarratais nach mbeidh in ord
(1) Más rud é nach mbeidh iarratas in ord, féadfaidh an tÚdarás cibé foréilimh a mheasfaidh sé is gá a ardú, ina sonrófar tréimhse ar laistigh di a bheidh na foréilimh le comhlíonadh ag an iarratasóir.
(2) Má mhainníonn an t-iarratasóir an foréileamh a chomhlíonadh laistigh den tréimhse sin nó de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an tÚdarás, féadfaidh an tÚdarás déileáil leis an iarratas mar iarratas tréigthe agus é a chealú.
(3) Má mheasann an tÚdarás go bhfuil an t-iarratas fabhtach go substaintiúil, féadfaidh sé diúltú dó láithreach nó aon tráth dá éis sin.