Riail 119 – Lis pendens
(1) Is i bhFoirm 64 a dhéanfar iarratas chun lis pendens a chlárú mar ualach. Ní foláir é a bheith sínithe ag an iarratasóir nó ag a aturnae nó ag a haturnae, agus deimhniú formhuinithe air go bhfuil an chúis nó an t-imeacht ar marthain, arna shíniú ag oifigeach cuí Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte.
(2) Is i bhFoirm 65 arna hathrú mar a ordóidh an tÚdarás in imthosca speisialta, a thaifeadfar lis pendens sa chlár.
(3) Déanfar iarratas chun lis pendens a chealú tríd an oifigeach cuí do Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte do thaisceadh deimhniú i bhFoirm 33 dá bhforáiltear le Riail 5 d’Ordú 72A de Rialacha na nUaschúirteanna (Acht 2009), 2010 sa Chlárlann á rá go bhfuil an lis pendens cealaithe ar chlár nalis pendens a choimeádtar i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte, nó ina ionad sin, i gcás gur cláraíodh anlis pendens roimh an 1 Nollaig 2009, trí ordú ón gcúirt á ordú é a chealú ar an gclár a thaisceadh, nó trí aistriú na maoine arna dhéanamh de bhun ordú le haghaidh díola ag an gcúirt ina bhfuil an lis pendens a thaisceadh, nó trí thoiliú an duine ar ar a iarratas nó a hiarratas a cláraíodh mar ualach é a thaisceadh.