Riail 118 – Breithiúnas nó ordú cúirte

image_printLeathanach Priontála

Is i scríbhinn arna síniú ag an iarratasóir nó ag a aturnae nó a haturnae, a dhéanfar iarratas chun breithiúnas nó ordú cúirte a chlárú. Cuirfear in iúl ann an mhaoin dá ndéanann an breithiúnas difear nó an t-ordú trí thagairt don fhóilió den chlár a dtaispeántar a húinéireacht ann agus do léarscáil, más gá, agus luafar ann cé acu don mhaoin go léir a dhéanann sé difear nó, murab ea, cad é an chuid di dá ndéanann sé difear. I dteannta an iarratais a thaiscfear fianaise i dtaobh an bhreithiúnais nó an ordaithe.