Riail 116 – Cumhacht chun maoin a chur faoi mhuirear agus iontaobhas chun airgead a urrú
(1) Déanfar iontaobhas chun airgead a urrú, agus cumhacht chun maoin a chur faoi mhuirear nó cumhacht eile a dílsíodh d’aon duine virtute officii, a chlárú mar ualach trí thagairt don ionstraim lenar bunaíodh an t-iontaobhas nó an chumhacht, agus ní chlárófar aon mhuirear faoin iontaobhas nó faoin gcumhacht go dtí go suífear chun sástacht an Údaráis gurb é nó gurb í an duine atá ag cruinniú an airgid faoin iontaobhas nó faoin gcumhacht an duine a n-údaraítear sin dó nó di leis an ionstraim.
(2) Duine a bheidh ag urrú airgid faoi iontaobhas nó cumhacht den sórt sin, déanfaidh sé nó sí amhlaidh trí mhuirear cláraithe a bhunú ar an modh a fhorordaítear le hAlt 76 den Acht, agus ar an modh sin amháin.