Riail 113 – Iarratas chun taifead ar mhorgáiste breithiúnais a chealú mar gheall ar neamhbhailíocht

image_printLeathanach Priontála

(1) I gcás go ndéanfar taifead ar fhógra i dtaobh mionnscríbhinn bhreithiúnais a thaisceadh faoin Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850 nó taifead ar mhorgáiste breithiúnais faoi Alt 116 d’Acht 2009 i gclár aon mhaoine, féadfaidh úinéir cláraithe, nó aon duine leasmhar eile, a éileoidh nach mbunaíonn an taisceadh, agus an fógra ina thaobh sa chlár, ualach bailí, ná nach ualach bailí é an morgáiste breithiúnais, a iarraidh ar an Údarás an taifead a chealú.

(2) Is i scríbhinn a dhéanfar an t-iarratas agus luafar ann na forais ar a n-éilíonn an t-iarratasóir gur ceart an taifead a chealú, mar shampla, nár comhlíonadh foráil shonraithe de na Judgment Mortgage (Ireland) Acts, 1850 agus 1858, nó nach raibh aon eastát ná leas sa mhaoin ag an bhféichiúnaí breithiúnais, ná aon eastát ná leas a bhféadfadh clárú na mionnscríbhinne difear a dhéanamh dó, ná morgáiste breithiúnais agus luafar ann na fíorais ar a bhfuil a sheasamh nó a seasamh mar thaca lena éileamh nó lena héileamh.

(3) Más deimhin leis an Údarás, de bharr na bhfíoras a luafar, gur suíodh cúis prima facie leis an taifead a chealú, tabharfar fógra don chreidiúnaí breithiúnais i dtaobh an iarratais agus i dtaobh an chealaithe atá beartaithe agus mura bhfaighfear agóid ina choinne sin uaidh nó uaithi, laistigh den tréimhse a shonrófar leis an bhfógra, cealófar an taifead.

(4) Is i scríbhinn a dhéanfar gach agóid i gcoinne cealú beartaithe, agus ní foláir í a bheith sínithe ag an gcreidiúnaí breithiúnais nó ag a aturnae nó ag a haturnae. Luafar inti forais na hagóide, agus na forais ar a bhfuil seasamh mar thaca.

(5) Más é tuairim an Údaráis nach dtarraingíonn an t-iarratas agus an agóid ceist dlí nó fíorais anuas a bhaineann le bailíocht an chláraithe a rinneadh agus ba cheart a chur faoi bhráid na cúirte, féadfaidh sé an taifead ar an bhfógra faoin taisceadh, nó faoin morgáiste breithiúnais, a chealú nó diúltú é a chealú; ach má nochtar ceist dlí nó fíorais arb é a thuairim go mbraitheann bailíocht na mionnscríbhinne nó an iarratais mar mhorgáiste breithiúnais uirthi, féadfaidh sé an cheist a chur faoi bhráid na cúirte le breith a thabhairt uirthi.