Riail 112 – Fógra faoi chlárú morgáiste breithiúnais
(1) Déanfaidh an tÚdarás fógra faoi chlárú morgáiste breithiúnais sa Chlárlann a chur chuig úinéir cláraithe na maoine agus chuig na daoine eile (más ann) a n-airbheartaíonn an t-iarratas difear a dhéanamh dá n-eastát ná dá leas agus a bhfuil a seoladh sa Stát chun fógraí a sheirbheáil orthu tugtha sa chlár nó san iarratas.
(2) Is i bhFoirm 62 a bheidh an fógra.