Riail 110B – Morgáiste breithiúnais a chlárú
(1) Is i bhFoirm 60B a dhéanfar iarratas chun morgáiste breithiúnais a chlárú mar ualach ar mhaoin chláraithe i bhforghníomhú Ordaithe Forghníomhaithe Eorpach chun suim airgid a íoc.
(2) Beidh ag gabháil leis an iarratas:
(i) Cóip oifigiúil den bhreithiúnas iomchuí
(ii) Cóip oifigiúil de dheimhniú an Ordaithe Forghníomhaithe Eorpaigh
(iii) Más gá, athscríobhadh ar dheimhniú an Ordaithe Forghníomhaithe Eorpaigh nó aistriúchán air go Gaeilge nó go Béarla.
(3) Is i bhFoirm 61, arna cur in oiriúint d’imthosca an cháis, a bheidh an taifead sa chlár.
(4) Tá le hOrdú Forghníomhaithe Eorpach an bhrí a thugtar dó le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ordú Forghníomhaithe Eorpach), 2005 (I.R. Uimh 648 de 2005).