Riail 110A – Morgáiste breithiúnais a chlárú
(1) Is i bhFoirm 60A a dhéanfar iarratas chun morgáiste breithiúnais a chlárú mar ualach ar mhaoin chláraithe i bhforghníomhú breithiúnais chun suim airgid a íoc, ar breithiúnas é atá aitheanta faoi Rialachán na Bruiséile I.
(2) Beidh ag gabháil leis an iarratas:
(i) Cóip oifigiúil den bhreithiúnas iomchuí
(ii) Cóip oifigiúil den ordú ó Mháistir na hArd-Chúirte á dhearbhú go bhfuil an breithiúnas infhorfheidhmithe.
(3) Is i bhFoirm 61, arna cur in oiriúint d’imthosca an cháis, a bheidh an taifead sa chlár.
(4) Tá le Rialachán na Bruiséile I an bhrí a thugtar dó le Rialacháin na gComhphobal Eorpach Breithiúnais Shibhialta agus Tráchtála), 2002 (I.R. Uimh. 52 de 2002).