Riail 110 – Morgáiste breithiúnais a chlárú

image_printLeathanach Priontála

(1) Is i bhFoirm 60 a dhéanfar iarratas chun morgáiste breithiúnais a chlárú mar ualach ar mhaoin chláraithe de bhun Alt 116 d’Acht 2009 agus beidh formhuinithe air deimhniú go bhfuarthas an breithiúnas, arna shíniú ag an oifigeach cuí de chuid na Cúirte Dúiche iomchuí, de chuid na Cúirte Cuarda iomchuí, nó i gcás breithiúnas ón gCúirt Uachtarach nó ón Ard-Chúirt, de chuid na hArd-Chúirte.

(2) Is i bhFoirm 61, fara cibé athrú a ordóidh an tÚdarás in imthosca speisialta, a bheidh an taifead sa chlár.