Riail 11 – Iarratais ar chlárú
(1) I dteannta gach iarratais a chuirfear, a sheachadfar nó a tharchuirfear chuig an gClárlann chun go gcláródh duine nó aturnae é, cuirfear-
(a) na doiciméid is gá chun tacú leis an gclárú a iarrtar;
(b) an táille fhorordaithe;
(c) ráiteas faoina shíniú nó faoina síniú ina leagfar amach-
(i) an úinéireacht nó na taifid eile a bhfuil a gclárú á n-iarraidh aige nó aici;
(ii) na doiciméid atá á gcur ar aghaidh;
(iii) méid na dtáillí do Chlárlann na Talún is iníoctha;
(iv) i gcás gur iarratas ó aturnae a bheidh ann, ainmneacha na bpáirtithe go léir san idirbheart a bhfuil sé nó sí ag gníomhú mar aturnae dóibh.
(2) Is i bhFoirm 17 a dhéanfar an ráiteas.
(3) (a) Féadfaidh an tÚdarás cibé foirmeacha agus ordacháin is cuí leis a ullmhú agus a chur faoi deara an céanna a fhógairt chun imeachtaí a éascú faoi na hAchtanna.
(b) Féadfar, mar shampla, a shonrú in ordacháin faoi fho-riail 3(a) airíonna an pháipéir (lena n-áirítear cruth, dearadh, méid, dath agus cáilíocht) a úsáidfear i gcomhair foirmeacha le haghaidh aon chineál déileála nó ní eile, nó formáid foirmeacha i bhfoirm leictreonach, agus na diallta ó fhoirmeacha forordaithe a cheadaítear nó a cheanglaítear a dhéanamh i dtaca le déileálacha nó nithe eile den chineál sin.
(4) (a) Féadfaidh an tÚdarás cibé fianaise i dtaobh céannacht agus seoladh buan iarratasóirí pearsanta ar chlárú is cuí leis a éileamh.
(b) I gcás go ndéanfar iarratais den sórt sin ar chlárú, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an úinéir cláraithe más cuí leis an Údarás é.
(c) Is i bhFoirm 18 a bheidh an fógra.