Riail 109 – Déileáil le morgáiste a bunaíodh roimh an gcéadchlárú i gcás a chláraithe

image_printLeathanach Priontála

(1) Nuair a thaifeadfar sa chlár morgáiste a bunaíodh roimh chéadchlárú maoine, féadfaidh an tÚdarás, ar iarratas, nó le comhthoiliú, an duine ag a bhfuil teideal chuige an duine sin a chlárú mar úinéir muirir, ar chruthúnas cuí a fháil ar a theideal nó ar a teideal agus tar éis fógra a thabhairt d’úinéir na maoine morgáistithe.

(2) Chun muirear a bhfuil úinéir cláraithe amhlaidh ina leith a aistriú nó a dhiúscairt ar dhóigh eile, féadfar na foirmeacha céanna a úsáid, agus an nós imeachta céanna a leanúint, a bhaineann le muirir chláraithe.