Riail 108 – Fomhuirir
(1) Féadfaidh úinéir cláraithe muirir an muirear sin a chur faoi mhuirear amhail mar a d’fhéadfadh úinéir cláraithe talún a thalamh nó a talamh a chur faoi mhuirear. Tabharfar fomhuirear de thuairisc sa chlár ar mhuirear den sort sin.
(2) Féadfar fomhuirear a bhunú, a chlárú, a aistriú, a dhiúscairt agus a urscaoileadh ar an modh céanna le muirear.
(3) Ar fhomhuirear nó aon déileáil leis a chlárú, féadfaidh an tÚdarás, má mheasann sé go mbeadh sin fóirsteanach nó go gcuideodh sé leis an tsoiléireacht, an teideal chun an mhuirir dá ndéanann an fomhuirear difear a aistriú go dtí an clár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht.