Riail 107 – Muirear criostalaithe mar ualach

image_printLeathanach Priontála

(1) De bhun Alt 69(1)(s) den Acht, forordaítear leis seo go bhféadfar muirear criostalaithe ar thalamh cuideachta de dhroim glacadóir a cheapadh faoi bhintiúr lenar bunaíodh muirear foluaineach ar a gnóthas agus a sócmhainní a chlárú mar ualach a dhéanann difear do thalamh chláraithe.

(2) Déanfar iarratas ar mhuirear criostalaithe a chlárú tríd an mbintiúr agus an gceapachán glacadóra a thaisceadh sa Chlárlann mar aon le dúblach nó cóip fhianaithe de na doiciméid sin. Is i bhFoirm 54 a bheidh an t-iarratas agus is i bhFoirm 55 a bheidh an taifead sa Chlár.

(3) Ar mhuirear criostalaithe a chlárú mar ualach ar thalamh cuideachta, féadfaidh an glacadóir a cheapfar faoin mbintiúr na cumhachtaí a thugtar dó nó di leis an mbintiúr a fheidhmiú i ndáil leis an talamh sin.

(4) Ní mheasfar gur ionstraim mhuirir faoi Alt 62(2) den Acht sin é an muirear criostalaithe.

(5) Ar an muirear criostalaithe sin a chlárú mar ualach, déanfar an chóip bhunaidh den bhintiúr sin agus den cheapachán glacadóra sin a chur ar ais chuig an duine a bheidh ag taisceadh an chéanna.