Riail 106 – Clárú muirir arna bhunú ag cuideachta
Más rud é, ar mhuirear a chlárú a bhunaigh cuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí nó ar chlárú muirir chriostalaithe mar ualach ar thalamh cuideachta de bhun Riail 107, nár tugadh deimhniú ar aird á thaispeáint gur cláraíodh an muirear de réir cheanglais Alt 99 d’Acht na gCuideachtaí, 1963, taifeadfar fógra dá réir sin sa chlár.