Riail 10 – Dúnadh cláir i leith muirear

image_printLeathanach Priontála

I gcás foréileamh ó úinéir aon mhuirir a cláraíodh sa chlár a choimeádtar faoi alt 8(b) den Acht chun an clár sin a dhúnadh i leith an mhuirir sin ionas go gclárófaí an úinéireacht i gclár na maoine a cuireadh faoi mhuirear, is é nó is í an t-úinéir cláraithe nó a aturnae nó a haturnae a dhéanfaidh é i scríbhinn agus ní foláir toiliú a chur ina theannta ó gach duine ar dealraitheach ón gclár go bhfuil aon leas aige nó aici sa mhuirear.