Seirbhísí Chlárlann na nGníomhas
1. Taifid Chlárlann na nGníomhas
Cineálacha na dTaifead a Choinnítear
Tá taifid Chlárlann na nGníomhas ann ó 1708 i leith. Coinnítear ár gcuid taifead ar mheascán d’fhoirmeáidí láimhe, micreascannáin agus ríomhaireachta. Tá na taifid uile ó Eanáir 1970 i leith á gcoinneáil i bhformáid leictreonach ar ríomhaire.
1. Ainm-Threoir
Is éard atá san Ainm-Threoir ná innéacs na ndaoine a dhiúscair leas i maoin .i. trí thíolacadh, morgáiste, léas. Ceadóidh cuardach ar an Ainm-Threoir faoi ainm an deontóra duit teacht ar an uimhir thagartha chuí don Meabhrachán/Fhoirm Iarratais Chlárlann na nGníomhas (CG), don Leabhar Trascríbhinne agus don Leabhar Achoimre. De ghnáth ní bheidh ort breathnú ach ar cheann amháin de na taifid seo le teacht ar phríomhshonraí an ghníomhais. Cuirfidh ár bhfoireann comhairle ort maidir le cé acu ceann da na taifid seo is fearr duit a chuardach.
Tá an tAinm-Threoir ar fáil ar ríomhaire don tréimhse ó 1970 go dtí seo. Do thaifid ar ghníomhais roimh 1970 tig leat cuardach a dhéanamh ar na Taifid san Ainm-Threoir Láimhe. (Tá cóip ar mhicreascannán den Ainm-Threoir don tréimhse 1708 go 1929 ar fáil chomh maith sa Leabharlann Náisiúnta.)
2. Meabhrachán/Foirm Iarratais Chlárlann na nGníomhas (CG)
Is é an Meabhrachán/Fhoirm Iarratais CG an ráiteas is iomláine ar na heilimintí ábhartha de Ghníomhas ar féidir le Clárlann na nGníomhas a sholáthar. Cuimsíonn an fhaisnéis sa Mheabhrachán/san Fhoirm Iarratais CG dáta an ghníomhais, cineál an ghníomhais, sonraí na bpáirtithe don ghníomhas agus cur síos ar an maoin lena mbaineann an gníomhas.
Níl micreascannánú déanta ar Mheabhracháin a cláraíodh roimh 1930 (i. idir 1708 agus1930). Ar a shon sin, is féidir cóip dheimhnithe d’aon Mheabhrachán/Fhoirm Iarratais CG a fháil ach an táille chuí a íoc.
Tá an Fhoirm Iarratais CG curtha in áit an Mheabhracháin ón 1ú Bealtaine 2008.
3. Leabhar Trascríbhinne
Rinneadh na Meabhracháin a thrascríobh go hiomlán agus cóireáladh isteach sna Leabhair Trascríbhinne iad. Tá sonraí iomlán focal ar fhocal ar ábhar Meabhracháin sa Leabhar Trascríbhinne. Tá siad ar fáil ó1708 – 1950 agus ó 1957 – 1960. Stadadh de thaifeadú sa Leabhar Trascríbhinne in 1961.
4. Leabhar Achoimre
Is é is Leabhar Achoimre ann ná leagan giorraithe de na sonraí atá sa Mheabhrachán. Taispeánann Achoimre an uimhir chlárúcháin (bliain, Leabhar & Uimhir), Dáta an Chlárúcháin, Ainm agus Dáta na hIonstraime, ainmneacha an Deontóra agus Deontaí amháin, comaoin (más ann di), cur síos ar an maoin agus cineál ginearálta an ghníomhais. Clúdaíonn an Leabhar Achoimre an tréimhse ó 1833 go 1969.
Tháinig taifid ríomhaireachta in áit an Leabhair Achoimre do thaifid a cláraíodh ó 1970 amach.
5. Innéacs na mBailte Fearainn
Mura bhfuil ainm an deontóra ar eolas agat tá an t-innéacs seo ina fhoinse luachmhar taighde. Is ann don innéacs seo ó 1708 go 1946. Má cláraíodh taifead an ghníomhais níos déanaí ná 1946 ní bheidh ar do chumas cuardach Innéacsa Bhaile Fearainn a dhéanamh agus beidh tú taobh le cuardach ar ainm-threoir.
A luaithe agus atá ainm an deontóra aimsithe agat is féidir Cuardach a dhéanamh ar an Ainm-Threoir.
2. Ár Seirbhísí
Gnó Lárnach
Is é is bunchúram Chlárlann na nGníomhas ná taifeadadh a dhéanamh ar ghníomhais agus tíolacais a bhaineann le maoin a bheith ann. Tá tosaíocht ag gníomhas atá taifeadta i gClárlann na nGníomhas ar ghníomhas nach bhfuil taifeadta. Socraítear tosaíocht faoi réir ag an Sraithuimhir a dháiltear ar dháta an lóisteáilte.
Soláthraímid áiseanna cuardaigh agus na seirbhísí a bhaineann leo chomh maith.
Clarúcháin
Nuair a lóisteáiltear Gníomhas i gClárlann na nGníomhas ní mór an Fhoirm Iarratais Chlárlann na nGníomhas (CG) cuí (mar atá leagtha síos ag na Rialacha um Chlárú Gníomhas 2008) a bheith in éineacht leis. Cuireadh an Fhoirm Iarratais ROD seo in áit an Mheabhracháin agus is achoimre í ar shonraí ábhartha an ghníomhais bhunaidh.
Tá dáta an ghníomhais, sonraí na bpáirtithe don ghníomhas agus cur síos ar an maoin lena mbaineann an gníomhas san Fhoirm Iarratais CG. Tugtar sraithuimhir do gach aon iarratas in ord dáta agus am na lóisteála agus tugtar tosaíocht do dhoiciméid chláraithe ar bhonn na sraithuimhreach a leithdháiltear. Nuair a chríochnaítear an t-iarratas, ní dhéantar comhdú ar an mbunGhníomhas sa Chlárlann ach tugtar ar ais é don té a rinne an lóisteáil. Ní choinnítear mapaí mar chuid den taifead clárúcháin. Déantar comhadú ar an bhFoirm Iarratais CG (ar a dtugtaí Meabhrachán roimhe seo) mar thaifead i gClárlann na nGníomhas.
Cuardaigh
Is ann dár gcuid Taifead ó 1708 i leith. Tá dhá innéacs ar féidir taighde a dhéanamh orthu, an Ainm-Threoir nó Innéacs na mBailte Fearainn.
D’fhonn teacht suas le gníomhas ar bith is gá an fhaisnéis seo a leanas:
a) Ainmneacha na bpáirtithe uile leis an ngníomhas
b) Dáta an ghníomhais
c) Suíomh an áitribh i. Sráid nó Baile Fearainn agus láthair i. Cathair, Baile Mór nó Contae.
Ní mór gach uile fhaisnéis faoin tréimhse roimh 1833 a chuardach trí fhreastal go pearsanta ar an oifig. Bíonn ár Oifig Poiblí oscailte ó Luain go hAoine, óna 10.00 r.n. go 16.30 i.n. seachas ar laethanta saoire poiblí. Ní dhéanaimid Cuardaigh Oifigiúla roimh an bhliain sin a sholáthar.
Tá Taifid Chlárlann na nGníomhas ar fáil don phobal agus is féidir iad a chuardach ar bhealaí éagsúla:
- Cuardach Oifigiúil – Cuirtear Foirm Iarratais 11 isteach tríd an bpost chuig an Oifig agus déanann Oifigigh na Clárlainne stiúradh agus seiceáil uirthi agus eisítear na torthaí tríd an bpost. €20 an táille in aghaidh an ainm, do gach talamh nó áitreabh a shainítear, do gach tréimhse nó cuid de thréimhse deich mbliana.
- Cuardach Láimhe – Déantar Cuardach Láimhe trí fhreastal ar an oifig. €2 an táille in aghaidh an ainm, do gach talamh nó áitreabh a shainítear, do gach tréimhse nó cuid de thréimhse deich mbliana.
- Cuardach ar-líne – Tá cuardach ar-líne Chlárlann na nGníomhas ar fáil do gach duine le cuntas landdirect.ie. Beidh ar chumas úsáideoirí cuardach a dhéanamh ar-líne ar ár gcuid taifead ó 1970 go dtí seo agus beidh ar a gcumas chomh maith Cuardaigh Oifigiúla agus Meabhracháin Chóipe/Foirmeacha Iarratais a ordú ar-líne. (Tig le daoine gan chuntas rochtain a fháil ar na taifid seo ag an gCuntar Poiblí i gClárlann na nGníomhas.)
Ba cheart do chustaiméirí a fháil amach sa chéad dul síos, trí chuardach a dhéanamh ar Mhapa Digiteach Chlárlann na Talún ag úsáid rogha “Locate by Map or Property Address” ar phríomhchlár landdirect, an bhfuil an mhaoin cláraithe nó neamhchláraithe.
Tá treoir sholáimhsithe do chuardach ar-líne dar teideal “Registry of Deeds Help File”(Comhad Cabhrach Chlárlann na nGníomhas) ar fáil ar landdirect.ie. Roghnaigh Clárlann na nGníomhas ar an bpríomhchlár agus ansin roghnaigh Help (Cabhair) ag barr an scáileáin.
Fonóta:
Nuair nach eol ainm an deontóra, is féidir go bhféadfá teacht ar an ainm trí bhreathnú ar thaifid eile poiblí. Is iad gnáthfhoinsí taifead dá leithéid ná:
- An Oifig Luachála (www.valoff.ie)
- Thom’s Street Directory (ar fáil sa leabharlann áitiúil)
- Griffith’s Valuation (www.askaboutireland.ie/griffith-valuation)
A luaithe agus atá ainm an deontóra aimsithe agat is féidir Cuardach a dhéanamh ar an Ainm-Threoir.
Cóipeanna Deimhnithe
Féadtar Cóipeanna Deimhnithe de gach Meabhrachán / Foirm Iarratais Chlárlann na nGníomhas (ROD) a fháil tar éis an táille chuí a íoc.
Is í an táille ar gach cóip dheimhnithe de mheabhrachán nó d’fhoirm iarratas ná €20.00.
Is í an táille ar chóip bhán de mhicreascannán meabhracháin nó d’fhoirm iarratas ná €1.00 an leathanach.
Is é an Meabhrachán/ an Fhoirm Iarratais ROD an ráiteas is iomláine de na gnéithe ábhartha de Ghníomhas ar féidir le Clárlann na nGníomhas a sholáthar. Áirítear leis an bhfaisnéis a chuimsítear i Meabhrachán / bhFoirm Iarratais ROD dáta an ghníomhais, cineál an ghníomhais, sonraí na bpáirtithe leis an ngníomhas agus cur síos ar an maoin a ndearna an gníomhas difear di.
Ní dhearnadh Meabhracháin a cláraíodh roimh 1930 (i.e. idir 1708 agus 1930) a chur ar mhicreascannán.
Ón 1 Bealtaine 2008, tháinig na Foirmeacha Iarratais ROD in ionad an Mheabhracháin.
3. Gluais Téarmaí
“Foirm Iarratais” – Tá an Fhoirm Iarratais CG curtha in áit an Mheabhracháin ón 1ú Bealtaine 2008. Déanann an té a dhéanann an lóisteáil an Gníomhas a lóisteáil in éineacht leis an bhFoirm Iarratais CG cuí. Déantar taifeadadh ansin ar an bhFoirm Iarratais CG agus comhdaítear i gClárlann na nGníomhas í (tugtar an gníomhas bunaidh ar ais don té a dhéanann an lóisteáil). Tá dáta an ghníomhais, ainmneacha na bpáirtithe don ghníomhas agus cur síos ar an maoin lena mbaineann an gníomhas san Fhoirm Iarratais.
“Tíolacas” – Gníomhas ag aistriú úinéireachta maoine ó pháirtí go chéile; is féidir tiolacas a bheith ann de bhun airgid nó go deonach.
“Gníomhas” – Scríbhinn ar pháipéar, ar phár nó ar pháipéar párach is ea Gníomhas, trína n-aistrítear leas, ceart nó maoin, nó trína gcruthaítear ceangaltas ar dhuine éigin, nó atá ina dhearbhú ar ghníomh trínar aistríodh leas, ceart nó maoin.
Leagann Rannóg 32 d’Acht 2006 amach liosta doiciméad a thagann faoi bhrí ‘gníomhas’ ag áireamh tíolacais, aontú, Deimhniú Dílseacháin agus aon doiciméid eile a bheadh leagtha síos.
“Gníomhais Scaoilte Muirir” (Féach Fuascailtí) – Gníomhas Scaoilte ag Iasachtóir, cibé acu é a bheith ceaptha mar ghníomhas ar leith nó mar chuid de ghníomhas morgáiste atá cláraithe cheana féin, a thagann faoi réir Mhír 1 sa Sceideal Ordú (Táillí) Chlárlann na nGníomhas 2008. €50.00 an táille atá iníoctha agus ní mór an gníomhas scaoilte a bheith in éineacht le Foirm 6 CG i Sceideal Foirmeacha Rialacha Chlárlann na nGníomhas 2008. Baineann Riail 12(1) le hábhar.
“Deontóir” – Díoltóir, Léasóir nó Morgáisteoir.
“Deontaí” – Ceannaitheoir, Léasaí nó Morgáistí.
“Meabhrachán” – Is Meabhrachán é an doiciméad a comhadaíodh i gClárlann na nGníomhas ó 1708 go 30ú Aibreán 2008 agus go praiticiúil is achoimre é de choda ábhartha an Ghníomhais agus tá ceanglais eile reachtúla ann chomh maith. Tá an Fhoirm Iarratais CG curtha in áit an Mheabhracháin ón 1ú Bealtaine 2008.
“Clár na nGníomhas” – Ciallaíonn “Clár” in Acht 2006 an clár gníomhas a choimeádtar faoi Rannóg 35 den Acht sin Ní dhéantar comhadú ar an mbunGhníomhas sa Chlárlann ach tugtar ar ais é don t-é a lóisteálann é. Déantar comhadú ar an bhFoirm Iarratais (ar a dtugtaí Meabhrachán roimhe seo) mar thaifead i gClárlann na nGníomhas.
“Talamh Neamhchláraithe” – Maoin is ea “Talamh Neamhchláraithe” nach bhfuil teideal uirthi cláraithe ná measta a bheith cláraithe i gClárlann na Talún faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964. Ba chóir taifead ar ghníomhais maidir lena leithéid de mhaoin a bheith ann a dhéanamh i gClárlann na nGníomhas.. Níl aon éileamh reachtúil ar dhoiciméad a chlárú ach b’fhéidir gan sin a dhéanamh a bheith ina bhun le tosaíocht a chailleadh. Trína chéile de thoradh ar chlárúchán déantar rialú ar thosaíochtaí a dhéileálann le doiciméid ar an bpíosa céanna talún.
“Fuascailtí Morgáistí” (Féach Gníomhais Scaoilte Muirir) – Admháil is ea Morgáiste Fuascailte, faoi shéala ag an iasachtóir ar gach airgead a bhí dlite faoin ngníomhas droimscríofa ar an morgáiste bunaidh a bheith faighte. Tagann sé faoi réir Mhír 8(b) in Ordú na dTáillí. €20.00 an táille iníoctha agus ní mór an morgáiste fuascailte a bheith in éineacht le Foirm 7 CG i Rialacha 7 i Rialacha Chlárlann na nGníomhas 2008. Baineann Riail 12(2) le hábhar.